
An tOll. Fionntán de Brún
Roinn na Nua-Ghaeilge | Maynooth University
Ollamh le Nua-Ghaeilge, scoláire litríochta agus scríbhneoir cruthaitheach. Ar na leabhair is déanaí leis tá an t-úrscéal Béal na Péiste (Gradam Uí Shúilleabháin 2023; an chéad duais don úrscéalaíocht ag Oireachtas 2022) agus an monagraf Revivalism and Modern Irish Literature – the anxiety of transmission and the dynamics of renewal (Cork University Press, 2019)

An Dr Tracey Ní Mhaonaigh
Roinn na Nua-Ghaeilge | Maynooth University
Is Ollamh Comhlach agus Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad í Tracey Ní Mhaonaigh, agus eagarthóir Irisleabhar Mhá Nuad. Tá spéis ar leith aici i gcúrsaí foclóireachta agus aistritheoireachta, sa drámaíocht agus sa scannánaíocht, agus sa stair chultúrtha. Tá go leor oibre déanta aici ar oidhreacht theangeolaíoch Chorca Dhuibhne agus ar athbheochan na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, go háirithe. Bronnadh an dochtúireacht uirthi as a cuid oibre ar ollsaothar foclóireachta Sheáin a’ Chóta, Croidhe Cainnte Ciarraighe. Tá roinnt leabhar curtha amach aici le tamall de bhlianta anuas, As Tobar an Doibhlinigh (2015), Tháinig do Litir… (2017), The Life and Legacy of An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh (2021) agus Ó Chófra Chuallacht Cholm Cille (2021), mar aon le scata eagrán de Irisleabhar Mhá Nuad agus de Léachtaí Cholm Cille.

An Dr Caitlín Nic Íomhair
Roinn na Nua-Ghaeilge | Maynooth University
Is léachtóir le nualitríocht na Gaeilge í Caitlín Nic Íomhair. Tá spéis faoi leith aici sa nuafhilíocht, sa ghearrscéalaíocht agus san úrscéalaíocht chomhaimseartha. Tá ailt nó aistí scríofa aici ar fhicsean na coiriúlachta agus na staire, agus ar shaothar na mórscríbhneoirí Biddy Jenkinson, Máirtín Ó Cadhain agus Micheál Ó Conghaile. Tá sí i mbun taighde ar litríocht na cogaíochta faoi láthair. Is scríbhneoir cruthaitheach agus aistritheoir í chomh maith.

An Dr Eoghan Ó Raghallaigh
Roinn na Nua-Ghaeilge | Maynooth University
Léachtóir le Nua-Ghaeilge é Eoghan Ó Raghallaigh. Tá spéis ar leith aige i bhfilíocht na scol agus i gcanúintí na Gaeilge. Ina chomheagarthóir ar A Bardic Miscellany (2010) agus ina eagarthóir ar an gcartlann taifeadtaí de chanúintí na Gaeilge http://doegen.ie/. Eagráin éagsúla de Léachtaí Cholm Cille curtha in eagar aige chomh maith.

An Dr Lára Ní Mhaoláin
Roinn na Nua-Ghaeilge | Maynooth University
Is léachtóir le Nua-Ghaeilge í Lára Ní Mhaoláin. Tá spéis faoi leith aici i seanlitríocht na tíre, sna scéalta Rúraíochta agus ról na mban sna téacsanna seo, go háirithe. Foilsíodh a monagraf, Táin Bó Fliodhaise, sa bhliain 2025. Bhí sí ina comheagarthóir ar
Craobh Eolais: A Festschrift for Rúairí Ó hUiginn, a foilsíodh sa bhliain chéanna.

Sailí Ní Dhroighneáin
Roinn na Nua-Ghaeilge | Maynooth University
Léachtóir le Nua-Ghaeilge í Sailí Ní Dhroighneáin a bhfuil an-suim aici san amhránaíocht sean-nóis agus sa bhéaloideas. Tá dochtúireacht i ngort an bhéaloidis bainte amach aici atá ag díriú ar leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn.

Aoife Ní Ghloinn
Lárionad na Gaeilge | Maynooth University
Ceapadh Aoife Ní Ghloinn ina Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil sa bhliain 2020. Roimhe sin, chaith sí naoi mbliana ag teagasc na Gaeilge san institiúid chéanna agus ag plé le tograí éagsúla de chuid Lárionad na Gaeilge; ina measc, Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG), an Teastas i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta agus Vifax. Chaith sí tréimhse freisin, ó 2008 go 2011, ina Léachtóir agus Scoláire ar Cuairt in Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil San Tomás, Houston, Texas. Tá spéis aici i roinnt gnéithe den teangeolaíocht fheidhmeach, go háirithe an sealbhú teanga, an measúnú teanga, an t-aiseolas ceartaitheach, an taighde ar chorpais foghlaimeora agus an Fráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE).

An Dr Joe Simpson
Lárionad na Gaeilge | Maynooth University
Is taighdeoir iardhochtúireachta agus teagascóir i Lárionad na Gaeilge é Joe Simpson. Le linn na bliana acadúla 2024-5 thug sé faoin tionscadal
An Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad
ina ndearna sé iniúchadh ar staid reatha na Gaeilge ar champas na hOllscoile. Bhain sé céim dochtúra amach ar ábhar chomhréir na Sean-Ghaeilge in UCD i mí Eanáir 2025. I measc a chuid spéiseanna taighde tá: sochtheangeolaíocht na dteangacha Ceilteacha; an teangeolaíocht stairiúil; agus an polasaí agus an pleanáil teanga.

